3. Nuair a dhéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomh de chur i láthair don phobal nó de chur ar fáil don phobal, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag an teorainn dliteanais a bhunaítear in Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE maidir leis na staideanna atá clúdaithe ag an Airteagal seo.
Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír den mhír seo difear don fhéidearthacht Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhíse sin chun na gcríoch atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.