6. Forálfaidh na Ballstáit, maidir le soláthraithe seirbhíse nua atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal san Aontas ar feadh níos lú ná 3 bliana agus a bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi EUR 10 milliún arna ríomh i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (20), go bhfuil na coinníollacha leo faoin gcóras dliteanais a leagtar amach i mír 4 teoranta do phointe (a) de mhír 4 a chomhlíonadh agus do ghníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil, chun rochtain ar shaothair agus ar ábhair a bhfaigheann siad fógra ina dtaobh a chosc nó chun na saothair nó ábhair eile a bhaint anuas dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú.
I gcás ina mbíonn meánlíon na gcuairteoirí uathúla míosúla atá ag na soláthraithe seirbhíse sin níos mó ná 5 mhilliún, arna ríomh ar bhonn na bliana féilire díreach roimhe sin, léireoidh siad freisin go ndearna siad sárdhícheall chun uaslódálacha breise de na saothair agus ábhar eile a bhfuair siad fógra ina leith agus ar thug na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach dóibh ina dtaobh a chosc.