8. Ní leanfaidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta as cur i bhfeidhm an Airteagal seo.
Forálfaidh na Ballstáit go soláthróidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis leormhaith maidir le feidhmiú a gcleachtas i ndáil leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 4 agus, i gcás comhaontuithe ceadúnaithe a bheith tugtha chun críche idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt, faisnéis maidir le húsáid an inneachair atá clúdaithe ag na comhaontuithe.