|
+Airteagal 17 9 |
Airteagal 17 99. Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sásra gearáin agus sásaimh atá éifeachtach agus tapa a chur ar bun agus go mbeidh sé ar fáil d'úsáideoirí a seirbhísí i gcás díospóidí i dtaobh saothair nó ábhar eile arna n-uaslódáil acu a bhaint anuas nó rochtain orthu a dhíchumasú. Nuair a iarrann sealbhóirí cirt go ndéanfar rochtain ar a saothair nó a n-ábhair eile ar leith a dhíchumasú, nó na saothair nó an t-ábhar eile sin a bhaint anuas, tabharfaidh siad réasúnú cuí ar na cúiseanna atá acu lena n-iarraidh. Gearáin a chuirtear isteach faoin sásra a ndéantar foráil dó sa chéad fhomhír, déanfar iad a phróiseáil gan moill mhíchuí agus cinntí chun inneachar uaslódáilte a bhaint anuas nó chun rochtain air a dhíchumasú, beidh siad faoi réir athbhreithniú ó dhuine daonna. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh réiteach díospóidí. Leis na sásraí sin, beifear in ann díospóidí a réiteach go neamhchlaonta agus ní cheilfear an chosaint dlí a thugann an dlí náisiúnta ar an úsáideoir, gan dochar do chearta na n-úsáideoirí dul ar iontaoibh réitigh bhreithiúnacha éifeachtúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar chúirt nó ar údarás breithiúnach ábhartha eile chun úsáid eisceachta nó teorann ar chearta cóipchirt agus cearta gaolmhara a éileamh. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear ar aon slí d'úsáidí dlisteanacha, amhail úsáidí faoi eisceachtaí nó teorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, agus ní fhágfaidh sé go bhféadfar úsáideoirí aonair a shainaithint ná sonraí pearsanta a phróiseáil, seachas i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus le Rialachán (AE) 2016/679. Déanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne na húsáideoirí a chur ar an eolas ina gcuid téarmaí agus coinníollacha gur féidir leo saothair agus ábhar eile a úsáid faoi eisceachtaí nó teorainneacha ar chóipcheart agus cearta gaolmhara dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|