|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag custaiméirí teaghlaigh, agus ag micrifhiontair le tomhaltas bliantúil ionchasach is lú ná 100 000 kWh, ar a laghad, saor in aisce, ar uirlis amháin ar a laghad a chuireann i gcomparáid tairiscintí na soláthróirí, lena n-áirítear tairiscintí le haghaidh conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Déanfar na custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil na huirlisí sin le fáil agus beidh an fhaisnéis sin ina mbillí nó in éineacht lena mbillí nó déanfar ar bhealach eile é. Comhlíonfaidh an huirlisí ar a laghad na ceanglais seo a leanas:
(a)
beidh siad neamhspleách ó rannpháirtithe sa mhargadh agus áiritheoidh siad go dtugtar cóir chomhionann do ghnóthais leictreachais i dtorthaí an chuardaigh;
(b)
cuirfidh siad in iúl go soiléir cé hiad a gcuid úinéirí agus cén duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag oibriú agus ag rialú na huirlise, chomh maith le faisnéis a thabhairt i dtaobh an chaoi a bhfuil na huirlisí á maoiniú;
(c)
leagfaidh siad amach na critéir shoiléire oibiachtúla a mbeidh an chomparáid bunaithe orthu, lena n-áirítear seirbhísí, agus foilseoidh siad iad;
(d)
úsáidfidh siad friotal atá soiléir agus gan débhrí;
(e)
beidh an fhaisnéis a thabharfaidh siad cruinn agus cothrom le dáta agus luafar an uair dheireanach a tugadh chun dáta í;
(f)
beidh siad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas, trína bheith infheicthe, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach;
(g)
cuirfidh siad nós imeachta éifeachtach ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh ar aon fhaisnéis mhícheart faoi na tairiscintí atá foilsithe; agus
(h)
déanfaidh siad comparáidí, ach fós beidh an méid sonraí pearsanta a iarrtar teoranta do na sonraí atá go hiomlán riachtanach chun an chomparáid a dhéanamh. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlis amháin ar a laghad ann a chlúdóidh an margadh ina iomláine. I gcás ina mbeidh níos mó ná uirlis amháin ann a chlúdóidh an margadh, áireofar sna huirlisí sin, ar bhealach chomh hiomlán agus is praiticiúil, raon tairiscintí leictreachais a chumhdóidh cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach gcumhdóidh na huirlisí sin an margadh go hiomlán, ráiteas soiléir chuige sin, sula dtaispeánfar na torthaí; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|