|
+Airteagal 44 2. |
Airteagal 44 2.Féadfaidh an Ballstát oibreoir córais neamhspleách a fhormheas agus a ainmniú ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 43(1);
(b)
go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil aige na hacmhainní airgeadais, teicniúla, fisiceacha agus daonna is gá chun a chúraimí a dhéanamh faoi Airteagal 40;
(c)
go bhfuil sé gafa air féin ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonfaidh sé plean forbartha gréasáin 10 mbliana a ndéanfaidh an t-údarás rialála faireachán air;
(d)
go bhfuil sé léirithe ag úinéir an chórais tarchurtha go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi mhír 5 a chomhlíonadh. Chuige sin, soláthróidh na dréachtsocruithe conarthacha uile leis an ngnóthas is iarrthóir agus le haon eintiteas ábhartha eile; agus
(e)
go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhar idir oibreoirí córas tarchurtha ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal réigiúnach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|