|
+Airteagal 48 2. |
Airteagal 48 2.Céannacht agus na coinníollacha lena rialaítear téarma, fad agus foirceannadh oifige na ndaoine arna n-ainmniú ag an gComhlacht Maoirseachta lena gceapadh nó lena n-athnuachan mar dhaoine atá freagrach as bainistiú feidhmiúcháin agus/nó mar chomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus na cúiseanna le haon chinneadh atá beartaithe chun téarma oifige den sórt sin a fhoirceannadh, déanfar fógra a thabhairt don údarás rialála ina dtaobh. Tiocfaidh na dálaí agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ceangailteach sa chás nach ndéanfaidh an t-údarás rialála aon agóid ina gcoinne laistigh de 3 seachtaine den fhógra sin, agus sa chás sin amháin. Féadfaidh an t-údarás rialála agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 más rud é:
(a)
go dtiocfaidh amhras chun cinn maidir le neamhspleáchas gairmiúil duine atá ainmnithe le bheith freagrach as an mbainistiú agus/nó le neamhspleáchas gairmiúil comhalta de na comhlachtaí riaracháin; nó
(b)
i gcás foirceannadh luath téarma oifige, gur ann d'amhras maidir le húdar maith a bheith leis an bhfoirceannadh luath sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|