1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha sonracha, mar gheall ar tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) as an Aontas Eorpach, maidir le deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe a eisítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139 do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus maidir le cásanna áirithe a bhaineann le hoiliúint eitlíochta.