4. Déanfaidh an Coimisiún conradh leis an gClárlann ainmnithe. Sonrófar sa chonradh na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta maidir le soláthar seirbhísí ag an gClárlann agus na coinníollacha ar dá réir a mhaoirseoidh an Coimisiún eagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu ag an gClárlann. Beidh teorainn ama leis an gconradh agus beidh sé in-athnuaite aon uair amháin gan gá le nós imeachta roghnúcháin nua a eagrú. Léireoidh an conradh oibleagáidí na Clárlainne agus beidh san áireamh ann na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu arna leagan síos ar bhonn Airteagal 10 agus Airteagal 11.