|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina dtabharfar na mionsonraí seo a leanas:
(a)
i gcás gach monaróra, a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;
(b)
i gcás gach monaróra, a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;
(c)
an difríocht idir meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain sin;
(d)
meánastaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na ngluaisteán nua paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin;
(e)
meánmhais, i riocht feidhmithe, na ngluaisteán nua paisinéirí uile agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin suas go dtí an 31 Nollaig 2020;
(f)
meánmhais tástála na ngluaisteán nua paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|