Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in
►M5
Airteagal 7(8), Airteagal 7a(2), Airteagal 10(8), Airteagal 11(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8) agus (9)
◄ a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse sé bliana amhail ón 15.5.2019 . Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse sé bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.