Má cheanglaítear é sin le haghaidh fheidhmíocht chúraimí ENISA, cinnfidh an Bord Bainistíochta go gceadófar do ENISA faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil. Sa chás sin, glacfaidh ENISA, i gcomhaontú le seirbhísí an Choimisiúin, rialacha slándála a chuirfidh i bhfeidhm na prionsabail slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (
4
) ón gCoimisiún agus 2015/444 (
5
) ón gCoimisiún. Cuimseofar leis na rialacha slándála sin na forálacha le haghaidh faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.