+Airteagal 27 Eisiamh agus agóid a dhéanamh sa Bhord Achomhairc
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.

Airteagal 27 Eisiamh agus agóid a dhéanamh sa Bhord Achomhairc

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Ní ghlacfaidh comhaltaí den Bhord Achomhairc páirt in aon imeachtaí achomhairc má tá leas pearsanta acu iontu, má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe do dhuine de na páirtithe sna himeachtaí, nó má bhí siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.
Airteagal 27 2.
Más rud é, ar cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, go measfaidh comhalta den Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc, cuirfidh sí nó sé an méid sin in iúl don Bhord. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1, nó i gcás go bhfuil amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh agóid den sórt sin inghlactha más rud é go bhfuil sí bunaithe ar náisiúntacht comhalta nó más rud é go mbeidh an páirtí agóideach sna himeachtaí achomhairc, agus í nó é ar an eolas go raibh cúis agóide ann, tar éis céim nós imeachta a ghlacadh sna himeachtaí achomhairc seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.
Airteagal 27 3.
Déanfaidh an Bord Achomhairc an gníomh atá le glacadh sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus i mír 2 a chinneadh gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear comhalta malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás ina mbeidh an comhalta malartach i staid cosúil le staid an chomhalta sin, ainmneoidh an Cathaoirleach comhalta ionaid as measc na gcomhaltaí malartacha a bheidh ar fáil.
Airteagal 27 4.
Glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail. Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú gealltanas i scríbhinn agus dearbhú leasanna i scríbhinn ina léireofar nach bhfuil aon leas ann a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas nó ag cur in iúl go bhfuil leas díreach nó indíreach ann a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas. Poibleofar na dearbhuithe sin go bliantúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.