Faoin 1 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tíolacfaidhuirfidh oifigeach cuntasaíochta ACER na cuntais shealadacha mar aon leis an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Chomh maith leis sin, tíolacfaidh oifigeach cuntasaíochta ACER an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Márta sa bhliain dár gcionn. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe ansin i gcomhréir le hAirteagal 245 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) (“an Rialachán Airgeadais”).