+Airteagal 45 Meastóireacht
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
|
Airteagal 45 Meastóireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
Faoin 5 Iúil 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, le cúnamh ó shaineolaí seachtrach neamhspleách, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht ACERi dtaca lena cuspóirí, sainordú agus cúraimí. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht, go háirithe, ar an ngá féideartha sainordú ACER a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a bhainfeadh le haon mhodhnú den sórt sin.
|
|
Airteagal 45 2.
|
I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt leis a thuilleadh go leanfaí ar aghaidh le ACER ag féachaint dá cuid cuspóirí, sainordaithe agus cúraimí sannta, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm tar éis dó comhairliúchán a dhéanamh ar bhealach iomchuí leis na geallsealbhóirí agus leis an mBord Rialálaithe.
|
|
Airteagal 45 3.
|
Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 maille le conclúidí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Bhord Rialálaithe ACER. Ba cheart torthaí na meastóireachta a phoibliú.
|
|
Airteagal 45 4.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus uair amháin ar a laghad gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhéanann meastóireacht ar an Rialachán seo agus, go háirithe, ar chúraimí ACER a bhaineann le cinntí aonair a dhéanamh, a thíolacadh chuig Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, cuirfear san áireamh, de réir mar is iomchuí, torthaí an mheasúnaithe de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2019/943. Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|