+Airteagal 7b Feiste tomhais thiomnaithe
---+Airteagal 7b 1.
---+Airteagal 7b 2.
---+Airteagal 7b 3.

Airteagal 7b Feiste tomhais thiomnaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7b 1.
Gan dochar d’Airteagal 19 de Threoir (AE) 2019/944, féadfaidh oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin agus rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, lena n-áirítear comhbhailitheoirí neamhspleácha, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí tomhais thiomnaithe, ach toiliú a fháil ón gcustaiméir deiridh, le haghaidh inbhreathnaitheacht agus shocrú na freagartha don éileamh agus seirbhísí solúbthachta, lena n-áirítear ó shaoráidí stórála fuinnimh.

Chun críocha an Airteagail seo, comhlíonfaidh úsáid sonraí ó fheistí tomhais thiomnaithe Airteagail 23 agus 24 de Threoir (AE) 2019/944 agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an dlí maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ). I gcás ina n-úsáidfear na sonraí sin chun críoch taighde, déanfar faisnéis a chomhiomlánú agus a anaithnidiú.

Airteagal 7b 2.
I gcás nach mbeidh méadar cliste suiteáilte ag custaiméir deiridh nó i gcás nach soláthraíonn méadar cliste an chustaiméara deiridh na sonraí is gá chun freagairt don éileamh nó seirbhísí solúbthachta a sholáthar, lena n-áirítear trí chomhbhailitheoir neamhspleách, glacfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin leis na sonraí ó fheiste tomhais thiomnaithe, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, le haghaidh shocrú na freagartha don éileamh agus seirbhísí solúbthachta, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, agus ní dhéanfaidh siad idirdhealú i dtaca leis an gcustaiméir deiridh sin agus seirbhísí solúbthachta á soláthar acu. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin faoi réir chomhlíonadh na rialacha agus na gceanglas arna mbunú ag na Ballstáit de bhun mhír 3.
Airteagal 7b 3.
Bunóidh na Ballstáit na rialacha agus na ceanglais maidir le próiseas bailíochtaithe le haghaidh sonraí feiste tomhais thiomnaithe chun cáilíocht agus comhsheasmhacht na sonraí ábhartha, agus idir-inoibritheacht, a sheiceáil agus a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 24 de Threoir (AE) 2019/944 agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.