+Airteagal 51 Deimhniúchán oibreoirí córas tarchurtha
---+Airteagal 51 1.
---+Airteagal 51 2.
---+Airteagal 51 3.
---+Airteagal 51 4.
---+Airteagal 51 5.
|
Airteagal 51 Deimhniúchán oibreoirí córas tarchurtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 51 1.
|
A luaithe a fhaightear é, scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra faoi chinneadh ar dheimhniú oibreora córas tarchurtha mar a leagtar síos é in Airteagal 52(6) de Threoir (AE) 2019/944. Laistigh de 2 mhí ón lá a bhfaighidh sé an fógra sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim don údarás rialála ábhartha maidir lena chomhoiriúnacht le hAirteagal 43 agus le hAirteagal 52(2) nó le hAirteagal 53 de Threoir (AE) 2019/944. Nuair atá an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER a tuairim a thabhairt ar chinneadh an údaráis rialála náisiúnta. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú 2 mhí eile. In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.
|
|
Airteagal 51 2.
|
Laistigh de 2 mhí ón tráth a fhaightear tuairim ón gCoimisiún, glacfaidh an t-údarás rialála a chinneadh críochnaitheach maidir le deimhniúchán an oibreora córas tarchurtha, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar an tuairim sin. Foilseofar cinneadh an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin in éineacht lena chéile.
|
|
Airteagal 51 3.
|
Féadfaidh na húdaráis rialála nó an Coimisiún, tráth ar bith le linn an nós imeachta, a iarraidh ar oibreoir córais tarchurtha nó ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair, aon fhaisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo.
|
|
Airteagal 51 4.
|
Déanfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a chosaint.
|
|
Airteagal 51 5.
|
I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi chinneadh ar dheimhniú oibreora córais tarchurtha faoi Airteagal 43(9) de Threoir (AE) 2019/944, déanfaidh sé cinneadh a bhaineann le deimhniúchán. Comhlíonfaidh an t-údarás rialála cinneadh an Choimisiúin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|