+Airteagal 66 Pionóis
---+Airteagal 66 1.
---+Airteagal 66 2.
---+Airteagal 66 3.

Airteagal 66 Pionóis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 66 1.
Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialacháin seo, na gcód gréasáin arna nglacadh de bhun Airteagal 59, agus na dtreoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 61 agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 66 2.
Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % de láimhdeachas iomlán na bliana gnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais i gcás ina ndéanfaidh na gnóthais sin, d'aon ghnó nó go faillíoch, faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 65(3) nó i gcás ina mainneoidh siad faisnéis a sholáthar laistigh den teorainn ama arna socrú le cinneadh arna ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 65(5). Le linn méid fíneála a shocrú, tabharfar aird ar thromchúis na mainneachtana ceanglais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.
Airteagal 66 3.
Ní pionóis de chineál dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1 agus ní cinntí de chineál dlí choiriúil a bheidh in aon cheann de na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.