+Airteagal 2, Sainmhínithe
---+Airteagal 2, (1)
---+Airteagal 2, (2)
---+Airteagal 2, (3)
---+Airteagal 2, (4)
---+Airteagal 2, (5)
---+Airteagal 2, (6)
---+Airteagal 2, (7)
---+Airteagal 2, (8)
---+Airteagal 2, (9)
---+Airteagal 2, (10)
---+Airteagal 2, (11)
---+Airteagal 2, (12)
---+Airteagal 2, (13)
|
Airteagal 2, Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2, (1)
|
ciallaíonn “úsáideoir gnó” aon duine aonair príobháideach atá ag gníomhú i gcáil tráchtála nó ghairmiúil, nó aon duine dlítheanach a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí trí sheirbhísí idirghabhála ar líne chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;
|
|
Airteagal 2, (2)
|
ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas go léir:
|
(a)
|
is é atá iontu seirbhísí sochaí faisnéise de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);
|
|
(b)
|
tugann siad deis d’úsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach idir na húsáideoirí gnó sin agus na tomhaltóirí sin a éascú, beag beann ar an áit ina dtugtar na hidirbhearta sin chun críche go hiomlán;
|
|
(c)
|
soláthraítear d'úsáideoirí gnó iad ar bhonn caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí sin agus úsáideoirí gnó a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí;
|
|
|
Airteagal 2, (3)
|
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;
|
|
Airteagal 2, (4)
|
ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;
|
|
Airteagal 2, (5)
|
ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís dhigiteach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga faoi leith, ar bhonn iarratas ar aon ábhar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an ábhar a iarradh;
|
|
Airteagal 2, (6)
|
ciallaíonn “soláthraí innill cuardaigh ar líne” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn innill cuardaigh ar líne do thomhaltóirí, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;
|
|
Airteagal 2, (7)
|
ciallaíonn “úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann comhéadan ar líne, rud a chiallaíonn aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;
|
|
Airteagal 2, (8)
|
ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhéiseach a thugtar do na hearraí nó na seirbhísí a thairgtear trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó an ábharthacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, faoi seach, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrú nó don chur in iúl sin;
|
|
Airteagal 2, (9)
|
ciallaíonn “rialú” úinéireacht ghnóthais, nó an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (13);
|
|
Airteagal 2, (10)
|
ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” na téarmaí agus na coinníollacha nó na sonraíochtaí go léir, gan beann ar a n-ainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus a chinneann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne go haontaobhach, ar cinneadh aontaobhach é a ndéantar meastóireacht air ar bhonn measúnú foriomlán, ar ina leith nach bhfuil méid choibhneasta na gcomhpháirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, ná go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus cinneadh a bheith déanta orthu le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, cinntitheach;
|
|
Airteagal 2, (11)
|
ciallaíonn “earraí agus seirbhísí coimhdeacha” earraí agus seirbhísí a thairgtear don tomhaltóir sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích sa bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil a thairgeann an t-úsáideoir gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus comhlántach ar an earra nó an tseirbhís sin;
|
|
Airteagal 2, (12)
|
ciallaíonn “idirghabháil” aon phróiseas struchtúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/52/CE;
|
|
Airteagal 2, (13)
|
ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim trínar féidir le húsáideoirí gnó faisnéis a díríodh chucu go pearsanta a stóráil ionas gur féidir tagairt di ina dhiaidh sin go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1150
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|