1. I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu, srian ar chumas úsáideoirí gnó na hearraí nó seirbhísí céanna a thairiscint do thomhaltóirí ar choinníollacha éagsúla ar bhealaí seachas trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin, áireoidh siad forais an tsriain sin ina gcuid téarmaí agus coinníollacha agus cuirfidh siad ar fáil don phobal go héasca iad. Áireofar leis na forais sin príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí na srianta sin.