Leis an Rialachán seo leagtar síos na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO
2 d’fheithiclí nua tromshaothair. Leis na caighdeáin sin, rannchuidítear le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais a bhaint amach mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), spriocanna na mBallstát maidir lena n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras, chomh maith le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.