6. I gcás ina bhfuil cead tugtha do sholáthróir uisce minicíocht an fhaireacháin a dhéantar ar pharaiméadar a laghdú nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán iomchuí ar na paraiméadair sin nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh acu ar an measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe, i gcomhréir le hAirteagal 7(4).