6. Déanfaidh an Coiste um Measúnú Riosca de ECHA, a bunaíodh de bhun phointe (c) d’Airteagal 76(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tuairim a eisiúint maidir le haon iarratas a chuirtear isteach de bhun mhír 5 laistigh de theorainn ama a leagfar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír sin. Féadfar tuilleadh forálacha nós imeachta maidir leis an bpróiséas iarratais agus maidir le heisiúint tuairimí ag an gCoiste um Measúnú Riosca de ECHA a chur san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin freisin.