|
+Airteagal 15 Meastóireacht agus tuairisciú |
Airteagal 15 Meastóireacht agus tuairisciúAirteagal 15 Meastóireacht agus tuairisciú Faoin 1 Meitheamh 2025 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun maidir le húsáideoirí deiridh a chumasú chun boinn ar mó a bhfeidhmíocht a roghnú, lena gcuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun ar ghnóthais, ídiú fuinnimh, sábháilteacht, astaíochtaí gás ceaptha teasa, feasacht tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh. Déanfaidh an tuarascáil measúnú freisin ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le fíorú éigeantach neamhspleách ag tríú páirtí ar an bhfaisnéis a thugtar ar an lipéad boinn, agus an taithí a fuarthas maidir leis an gcreat réime níos leithne a cuireadh ar fáil le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 á cur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|