+IARSCRÍBHINN II ÁBHAR AGUS FORMÁID AN LIPÉID BOINN

IARSCRÍBHINN II ÁBHAR AGUS FORMÁID AN LIPÉID BOINN

IARSCRÍBHINN II

ÁBHAR AGUS FORMÁID AN LIPÉID BOINN

1. Ábhar an lipéid boinn

1.1 An fhaisnéis atá le háireamh ar chuid uachtarach an lipéid boinn:

image

I. Cód QR;

II. Trádainm nó trádmharc an tsoláthróir;

III. Aitheantóir an chineáil boinn;

IV. Méid na mbonn a ainmniú, treoiruimhir acmhainne ualaigh agus siombail na catagóire luais, mar a léirítear i Rialachán Uimh. 30 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UN/ECE) ( 1 ), sa leagan is cothroime le dáta agus is infheidhme maidir leis an Aontas, (Rialachán Uimh. 30 UNECE) agus Rialachán Uimh. 54 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) ( 2 ), sa leagan is cothroime le dáta agus is infheidhme maidir leis an Aontas, (Rialachán Uimh. 54 UNECE) maidir le boinn C1, C2 agus C3, de réir mar is infheidhme;

V. Aicme boinn: i.e. C1, C2 nó C3;

VI. Picteagram, scála agus aicme feidhmíochta maidir le héifeachtúlacht breosla;

VII. Picteagram fliuchghreama, scála agus aicme feidhmíochta.

1.2 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair gach boinn nach boinn iad a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117, nó na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir, nó a chomhlíonann an dá luach.

image

I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;

II. Uimhir an Rialacháin seo, is é sin “2020/740”.

1.3 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117:

image

I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;

II. Picteagram greama sneachta;

III. Sraithuimhir an Rialacháin seo: “2020/740”.

1.4 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir.

image

I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;

II. Picteagram greama oighir;

III. Sraithuimhir an Rialacháin seo, is é sin “2020/740”.

1.5 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama oighir araon:

image

I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;

II. Picteagram greama sneachta;

III. Picteagram greama oighir;

IV. Sraithuimhir an Rialacháin seo: “2020/740”.

2. Formáid an lipéid boinn

2.1. Formáid chuid uachtarach an lipéid boinn:

image

▼B

2.1.1 Formáid chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair gach boinn nach boinn iad a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117, nó na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir, nó a chomhlíonann an dá luach:

image

2.1.2 Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117:

image

2.1.3 Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair bonn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir:

image

2.1.4 Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama oighir araon.

image

▼B

2.2 Chun críocha phointe 2.1:

(a) 

Íosmhéid lipéid boinn: 75 mm ar leithead agus 110 mm ar airde. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad boinn i bhformáid atá níos mó ná sin, mar sin féin beidh an t-ábhar atá clóbhuailte ar an lipéad i gcomhréir leis na sonraíochtaí thuas;

(b) 

Cúlra an lipéid boinn: 100 % bán;

(c) 

Cló-aghaidheanna: Verdana agus Calibri;

(d) 

Toisí agus sonraíochtaí na n-eilimintí den lipéad boinn: mar atá sonraithe thuas;

(e) 

Comhlíonfaidh na cóid dhaite, lena n-úsáidtear CMYK — cian, maigeanta, buí agus dubh, na ceanglais uile a leanas:

— 
dathanna lógó an Aontais mar a leanas:
— 
cúlra: 100,80/0,0;
— 
réaltaí: 0,0/100,0;
— 
dath an lógó fuinnimh: 100,80/0,0;
— 
Cód QR; 100 % dubh;
— 
trádainm nó trádmharc an tsoláthróra: 100 % dubh agus ►C2  in Verdana Bold 8 pt; ◄
— 
aitheantóir an chineáil boinn: 100 % dubh agus ►C2  in Verdana Regular 8 pt; ◄
— 
méid na mbonn a ainmniú, treoiruimhir acmhainne ualaigh agus siombail na catagóire luais: 100 % dubh agus in Verdana Regular 10 pt;
— 
aicme boinn: 100 % dubh agus ►C2  in Verdana Regular 8 pt ◄ , ailínithe ar dheis;
— 
►C2  litreacha an scála éifeachtúlachta breosla agus an scála fliuchghreama: 100 % bán agus in Calibri Bold 15 pt; le himlíne dhubh de 0,15 pt; beidh na litreacha láraithe ar ais ag 3 mm ón taobh clé de na saigheada; ◄
— 
►C2  Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála éifeachtúlachta breosla A go E, le himlíne dhubh de 0,15 pt mar a leanas: ◄
— 
Aicme A: 100,0/100,0;
— 
Aicme B: 45,0/100,0;
— 
Aicme C: 0,0/100,0;
— 
Aicme D: 0,30/100,0;
— 
Aicme E: 0,100,100/0;
— 
►C2  Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála fliuchghreama A go E, le himlíne dhubh de 0,15 pt, mar a leanas: ◄
— 
A: 100,60,0,0;
— 
B: 90,40,0,0;
— 
C: 65,20,0,0;
— 
D: 50,10,0,0;
— 
E: 30,0,0,0;
— 
roinnteoirí inmheánacha: meáchan 0,5 pt, beidh an dath 100 % dubh;
— 
►C2  litir na haicme éifeachtúlachta breosla agus na haicme fliuchghreama: 100 % bán agus in Calibri Bold 20 pt. Déanfar na saigheada maidir le héifeachtúlacht breosla agus aicme fliuchghreama agus na saigheada comhfhreagracha sa scála A go E ar bhealach a mbeidh a gcinn ailínithe. Cuirfear an litir san aicme éifeachtúlachta breosla agus sa tsaighead aicme fliuchghreama ag lár na coda dronuilleogaí den saighead, a bheidh 100 % dubh; ◄
— 
►C2  picteagram d'éifeachtúlacht breosla: leithead 16 mm, airde 13 mm, meáchan 0,8 pt, dath: 100 % dubh; ◄
— 
►C2  picteagram de fhliuchghreim: leithead 20 mm, airde 13 mm, meáchan 0,8 pt, dath: 100 % dubh; ◄
— 
►C2  picteagram den torann seachtrach rollta: leithead 24 mm, airde 18 mm, meáchan 0,8 pt, dath: 100 % dubh. An líon deicibeilí sa challaire in Verdana Bold 10 pt, an t-aonad “dB” in Verdana Regular 8 pt; raon na naicmí torainn seachtrach rollta (A go C) atá láraithe faoin bpicteagram, agus litir na haicme torainn seachtrach rollta is infheidhme in Verdana Bold 12 pt agus litreacha eile na n-aicmí torainn seachtrach rollta in Verdana Regular 8 pt; ◄
— 
►C1  picteagram greama sneachta: leithead 15 mm, airde 14 mm, ►C2  meáchan 0.8pt ◄ dath: 100 % dubh; ◄
— 
►C2  picteagram greama oighir: leithead 15 mm, airde 13 mm, meáchan 0,8 pt, meáchan na bhfíarbharraí 0,2 pt, dath: 100 % dubh; ◄
— 
beidh uimhir an rialacháin 100 % dubh agus in ►C2  Verdana Regular 5 pt. ◄

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.