5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 lena leasaítear an Rialachán seo chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 lena bhforlíontar an Rialachán seo chun sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leagan síos.