|
+Airteagal 10 1. |
Airteagal 10 1.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí eFTI an méid seo a leanas:
(a)
nach ndéanann ach úsáideoirí údaraithe próiseáil ar na sonraí agus go ndéanann siad amhlaidh i gcomhréir le cearta próiseála a bheidh sainithe agus sannta go soiléir laistigh den ardán eFTI, i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála;
(b)
go stórálfar na sonraí agus go mbeidh siad inrochtana i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach;
(c)
go bhfuil rochtain láithreach ag údaráis inniúla ar fhaisnéis rialála maidir le hoibríocht iompair lastais a phróiseáiltear trína n-ardáin eFTI, saor ó aon mhuirir nó táillí;
(d)
go bhfuil sonraí slánaithe go hiomchuí, lena n-áirítear i gcoinne próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus i gcoinne caillteanais de thimpiste, i gcoinne scriosta nó i gcoinne damáiste. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|