1. Is é is cuspóir ginearálta do chlár LIFE cuidiú leis an athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráid-díonach agus aeráidneodrach, atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite, chun cáilíocht an chomhshaoil, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce agus an ithir, a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú agus dul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme agus bainistiú líonra Natura 2000, agus leis sin, cuirfear leis an bhforbairt inbhuanaithe. Le Clár LIFE, tacófar freisin le cur chun feidhme na gclár gníomhaíochta ginearálta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 192(3) CFAE.