5. Féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh de Bhallstát nó de thír nó críoch thar lear atá nasctha leis a mhaoiniú le deontais, ar choinníoll go saothraítear leis an tionscadal cuspóirí comhshaoil agus aeráide de chuid an Aontais agus go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí sin chun éifeachtacht na n-idirghabhálacha a áirithiú a dhéantar i mBallstát nó i dtír nó críoch thar lear atá nasctha leis, nó chun tacú le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu trí rannchuidiú a sholáthar chun comhdhálacha iltaobhacha a reáchtáil. Is é EUR 3,5 milliún uasmhéid an rannchuidithe a sholáthrófar do chomhaontuithe idirnáisiúnta chun comhdhálacha iltaobhacha a reáchtáil le linn ré Chlár LIFE a luaitear in Airteagal 1, agus ní áireofar deontais den sórt sin chun an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(3) a bhaint amach.