+Airteagal 4 Colúin ghníomhaíochta
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.

Airteagal 4 Colúin ghníomhaíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.

Cuirfidh an Comhghnóthas an misean dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme de réir na gcolún gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

an colún riaracháin, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí ginearálta a bhainfidh le hoibriú agus le bainistiú an Chomhghnóthais;

(b) 

an colún bonneagair, lena gcuimsítear na gníomhaíochtaí chun an bonneagar sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí hipearnasctha agus slán den chéad scoth a fháil, a chur chun úsáide, a nuashonrú agus a oibriú, lena n-áirítear glacadh agus úsáid chórasach na dtorthaí taighde agus nuálaíochta a ghintear san Aontas a chur chun cinn;

(c) 

an colún le haghaidh chónascadh na seirbhísí sár-ríomhaireachta, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí go léir chun rochtain uile-Aontais a sholáthar ar acmhainní agus seirbhísí sár-ríomhaireachta agus sonraí cónasctha slána ar fud na hEorpa don phobal taighde agus eolaíochta, don earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus don earnáil phoiblí, go háirithe i gcomhar le PRACE agus GÉANT; áireofar ar na gníomhaíochtaí sin:

(i) 

tacaíocht d’idirnasc na n-acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi pháirtúinéireacht an Chomhghnóthais nó atá á gcur ar fáil ag na Stáit Rannpháirteacha ar bhonn deonach;

(ii) 

tacaíocht d’idirnasc na mbonneagar sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha an Aontais, agus bonneagair néil agus sonraí cónasctha, slána;

(iii) 

tacaíocht d’fhorbairt, fáil agus oibriú ardáin le haghaidh cónascadh rianúil agus soláthar seirbhíse slán do sheirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus bonneagar sonraí, lena mbunaítear pointe rochtana ilfhreastail le haghaidh aon seirbhís sár-ríomhaireachta nó sonraí arna mbainistiú ag an gComhghnóthas, ag tabhairt pointe iontrála aonair d’aon úsáideoir;

(d) 

colún teicneolaíochta, lena dtabharfar aghaidh ar ghníomhaíochtaí uaillmhianacha taighde agus nuálaíochta chun éiceachóras sár-ríomhaireachta iomaíoch, nuálach den chéad scoth a fhorbairt ar fud na hEorpa lena dtabharfar aghaidh ar theicneolaíochtaí crua-earraí agus bogearraí, agus ar a gcomhtháthú i gcórais ríomhaireachta, lena gcumhdaítear an slabhra soláthair eolaíoch agus tionsclaíoch iomlán, chun rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais; díreoidh sé freisin ar theicneolaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta atá fuinneamhéifeachtúil, lena gcuirfear le hinbhuanaitheacht chomhshaoil; rachaidh na gníomhaíochtaí sin i ngleic leo seo inter alia:

(i) 

comhpháirteanna micrea-phróiseála ísealchumhachta, comhpháirteanna idirnascachta, ailtireacht an chórais agus teicneolaíochtaí gaolmhara amhail algartaim nua, cóid bhogearraí, uirlisí, agus timpeallachtaí;

(ii) 

paraidímí ríomhaireachta atá ag teacht chun cinn agus a gcomhtháthú i bpríomhchórais sár-ríomhaireachta trí chur chuige atá bunaithe ar chomhdhearadh; nascfar na teicneolaíochtaí sin le forbairt, fáil agus cur chun úsáide na sár-ríomhairí ardleibhéil, lena n-áirítear ríomhairí candamacha, agus na mbonneagar;

(iii) 

teicneolaíochtaí agus córais chun córais sár-ríomhaireachta chlasaiceacha a idirnascadh agus a oibriú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile ar minic comhlántach iad, amhail ríomhaireacht chandamach nó teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile atá ag teacht chun cinn agus a n-oibriú éifeachtach a áirithiú;

(iv) 

algartaim nua agus teicneolaíochtaí bogearraí a thairgeann méaduithe feidhmíochta suntasacha;

(e) 

an colún feidhmchlár, ag dul i ngleic le gníomhaíochtaí chun an barr feabhais Eorpach a bhaint amach agus a chothabháil i bpríomh-fheidhmchláir agus cóid ríomhaireachta agus sonraí agus le haghaidh na heolaíochta, na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus na hearnála poiblí; rachaidh na gníomhaíochtaí i ngleic leo seo inter alia:

(i) 

feidhmchláir, lena n-áirítear algartaim agus forbairtí bogearraí nua, le haghaidh úsáideoirí poiblí agus príobháideacha a thairbhíonn ó shaothrú acmhainní agus chumais na sár-ríomhairí ardleibhéil agus a gcoinbhéirseacht le hardteicneolaíochtaí digiteacha amhail an intleacht shaorga, anailísíocht sonraí ardfheidhmíochta, teicneolaíochtaí néil, etc., trí chóid agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe, mórscála agus atá ag teacht chun cinn sa mhargadh a chomhdhearadh, a fhorbairt agus a bharrfheabhsú;

(ii) 

tacaíocht a thabhairt, i measc rudaí eile, d’Ionaid Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíocht i bhfeidhmchláir agus do thaispeántóirí píolótacha agus do bhinsí tástála Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe mórscála le haghaidh feidhmchláir olltiomsaithe sonraí agus ardseirbhísí digiteacha i raon leathan earnálacha eolaíocha, poiblí agus tionsclaíocha;

(f) 

an colún maidir le húsáid agus scileanna a leathnú, agus é mar aidhm aige cumais agus scileanna a fhorbairt a chothaíonn an barr feabhais sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus úsáide sonraí ina gcuirtear sineirgí le ríomhchláir agus le hionstraimí eile san áireamh, go háirithe an Clár don Eoraip Dhigiteach, an úsáid eolaíoch agus thionsclaíoch a bhaintear as acmhainní sár-ríomhaireachta agus feidhmchláir sonraí a leathnú, agus an rochtain agus an úsáid a bhaineann an earnáil tionsclaíochta as bonneagair sár-ríomhaireachta agus sonraí i gcomhair na nuálaíochta a chuirtear in oiriúint do riachtanais tionsclaíochta a chothú, chomh maith le pobal eolaíoch eolach ceannródaíoch agus lucht oibre oilte a sholáthar don Eoraip i gcomhair ceannaireacht eolaíochta agus chun claochlú digiteach a dhéanamh ar an earnáil tionsclaíochta agus ar an riarachán poiblí, lena n-áirítear tacaíocht agus líonrú na Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus na nIonad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta.

(g) 

an colún um chomhar idirnáisiúnta: ag teacht leis na cuspóirí beartais sheachtraigh agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, gníomhaíochtaí atá ábhartha do chur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta sa tsár-ríomhaireacht a shainiú, a chur chun feidhme agus a bheith rannpháirteach iontu chun dúshláin dhomhanda eolaíochta agus shochaíocha a réiteach, agus iomaíochas éiceachóras soláthair agus úsáideoirí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta san Eoraip á chur chun cinn san am céanna;

▼M1

(h) 

colún monarcha IS le haghaidh IS iontaofa eiticiúil, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí chun bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS a sholáthar, arb é is aidhm dó cumais, inniúlachtaí agus scileanna taighde agus nuálaíochta éiceachóras IS a fhorbairt a thuilleadh; áireofar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i) 

fáil agus oibriú sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS arna gcomhshuíomh le lárionaid sonraí nó atá nasctha le lárionaid sonraí trí líonraí fíor-ardluais;

(ii) 

sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana a bhfuil cumas IS acu a uasghrádú;

(iii) 

rochtain agus deiseanna cothroma rochtana ar na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS nó ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le cumais IS a sholáthar, lena n-áirítear a n-úsáid a leathnú chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide;

(iv) 

lárionaid seirbhísí sár-ríomhaireachta láraithe nó dáilte atá dírithe ar IS a oibriú chun tacú le héiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS agus le héiceachóras an taighde agus na nuálaíochta lena soláthraítear tacaíocht algartamach, tacú le samhlacha agus córais oiliúna IS a fhorbairt a thuilleadh, a chur faoi oiliúint, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, agus tacú le forbairt feidhmeanna IS ar mhórscála atá ag teacht chun cinn i réimsí straitéiseacha lena n-áirítear an tsláinte agus cúram sláinte, an t-athrú aeráide, róbataic, nó tiomáint nasctha nó uathoibrithe.

(v) 

saoráidí clársceidealaithe atá fabhrach don sár-ríomhaire a oibriú, lena n-áirítear chun feidhmeanna IS a chomhthreorú chun an úsáid is fearr a bhaint as cumais sár-ríomhaireachta;

(vi) 

seirbhísí sár-ríomhaireachta eile lena gcumasaítear IS a oibriú;

(vii) 

daoine tréitheacha a mhealladh, a chomhthiomsú agus a chur faoi oiliúint chun a n-inniúlachtaí agus a scileanna a fhorbairt maidir le sár-ríomhairí EuroHPC don IS;

(viii) 

idirghníomhú le monarchana IS eile, rochtain ar a seirbhísí a chur ar fáil ar fud na hEorpa agus comhoibriú le Lárionaid Inniúlachtaí EuroHPC agus Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC, agus le tionscnaimh ábhartha IS de chuid an Aontais, mar atá moil na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse na hintleachta saorga, éiceachóras na hintleachta saorga agus na sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, an tArdán Lárnach Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an intleacht shaorga, Institiúid Eorpach na bPobal Eolais agus Nuálaíochta Teicneolaíochta a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, bonneagair thaighde Eorpacha ábhartha agus tionscnaimh ghaolmhara eile;

▼M2

(i) 

colún gigeamhonarchan IS, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí gigeamhonarchana IS, a bfhéadfadh, ina bhfeidhmiú, a bheith nasctha le líonra EuroHPC de mhonarchana IS chun comhtháthú, tacaíocht d’úsáideoirí agus comhroinnt eolais réidh a áirithiú ar fud éiceachóras IS na hEorpa; áireofar sa cholún seo na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i) 

bonneagar ríomhaireachta IS den chéad scoth a chur ar fáil do thaighdeoirí, fiontraithe agus tionscail na hEorpa, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis, agus an earnáil phoiblí;

(ii) 

forbairt réiteach IS nua a chumasú ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha uile, lena n-áirítear forbairt bunsamhlacha; agus

(iii) 

iomaíochas agus ceannasacht an Aontais mar mhór-roinn IS a áirithiú;

(j) 

colún na dteicneolaíochtaí candamacha, lena dtugtar aghaidh ar an éiceachóras candamach iomlán agus ar réimsí feidhme na ríomhaireachta candamaí agus an ionsamhlúcháin chandamaigh, na cumarsáide candamaí, agus an bhraite agus na méadreolaíochta candamaí, lena n-áirithítear slándáil agus athléimneacht an tslabhra soláthair candamaigh agus a theicneolaíochtaí cumasúcháin; tabharfaidh na gníomhaíochtaí sin aghaidh, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(i) 

taighde agus nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch: sármhaitheas taighde a chur chun cinn i réimsí na heolaíochta candamaí agus na teicneolaíochta candamaí;

(ii) 

aistriú “ón tsaotharlann go dtí an mhonarcha” agus forbairt an éiceachórais: tacú le bonneagair chandamacha úrscothacha a fhorbairt agus a chur chun úsáide; tionsclú teicneolaíochtaí candamacha a chothú trí thacú le glacadh feidhmchlár candamach i bpríomhearnálacha poiblí agus tionsclaíocha; a áirithiú go n-aistreofar dul chun cinn ar fud na réimsí candamacha go fíorfheidhmeanna, lena n-áirítear príomh-mhargaí a fhorbairt; caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta a chur chun cinn; agus tacú le forbairt agus líonrú lárionad náisiúnta inniúlachta candamaí ar fud na hEorpa;

(iii) 

dlús a chur le forbairt agus oibríochtú córas ríomhaireachta candamaí atá lochtlamhálach agus atá ag brath ar bhearta poiblí chun tacú le héiceachóras candamach agus slabhra soláthair Eorpach atá iomaíoch agus bunaithe ar theicneolaíochtaí a dhéantar agus a dheartar san Eoraip;

(iv) 

scileanna agus tallann: lucht saothair innealtóireachta agus taighde chandamaigh iomaíoch agus cuimsitheach a fhorbairt trí thionscnaimh chomhordaithe oideachais, oiliúna agus soghluaisteachta, ar fud príomhdhisciplíní agus príomhréimsí teicniúla a bhaineann le candam;

(v) 

comhar idirnáisiúnta: comhar idirnáisiúnta a fhorbairt i dteicneolaíochtaí candamacha chun dúshláin dhomhanda eolaíocha agus shochaíocha a réiteach, i gcomhréir le cuspóirí beartais sheachtraigh agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais.

▼B

Airteagal 4 2.
I dteannta na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfar é a chur ar iontaoibh an Chomhghnóthais cúraimí breise a chur chun feidhme i gcás ina ndéantar cistiú carnach, comhlántach nó comhcheangailte ar chistiú idir cláir de chuid an Aontais i gcomhréir le clár oibre ábhartha an Choimisiúin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.