1. Maidir leis an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta chun teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a thosaíonn ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar, ní rachaidh sé thar theorainn choimirce EUR 0,004 in aghaidh na teachtaireachta SMS. Laghdófar an méanmhuirear mórdhíola uasta go dtí EUR 0,003 in aghaidh na teachtaireachta SMS an 1 Eanáir 2025 agus, gan dochar d’Airteagal 21, leanfaidh sé de bheith cothrom le EUR 0,003 go dtí an 30 Meitheamh 2032.