+Airteagal 18 Faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.

Airteagal 18 Faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
I gcás ina suiteáiltear méadair nó leithdháileoirí costais teasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais iontaofa, cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, pointí 1 agus 2, i gcás gach úsáideora deiridh.

I gcás ina bhforálann Ballstát dó sin, seachas i gcás tomhaltas fomhéadraithe bunaithe ar leithdháileoirí costais teasa faoi Airteagal 15, féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléimh rialta ina gcuirfidh an custaiméir deiridh nó an t-úsáideoir deiridh léamha óna méadar in iúl don soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar thomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin i gcás nach bhfuil léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.

Airteagal 18 2.

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

a cheangal, má tá faisnéis faoi bhilleáil fuinnimh agus tomhaltas stairiúil nó léamha leithdháileoirí costais teasa na n-úsáideoirí deiridh ar fáil, go gcuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin ag an úsáideoir deiridh, do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an úsáideoir deiridh;

(b) 

a áirithiú go dtairgfear do chustaiméirí deiridh rogha na faisnéise billeála leictreonaí agus billí;

(c) 

a áirithiú go gcuirfear faisnéis shoiléir intuigthe ar fáil leis an mbille do gach úsáideoir deiridh i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, pointe 3;

(d) 

an chibearshlándáil a chur chun cinn agus príobháideachas agus cosaint sonraí na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh, nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá i soláthar faisnéise billeála. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar socruithe solúbtha le haghaidh íocaíocht iarbhír a thairgeadh.

Airteagal 18 3.
Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair le soláthróir fuinnimh acu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.