|
+IARSCRÍBHINN VII NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR FHEIDHMÍOCHT FUINNIMH LÁRIONAD SONRAÍ AGUS MAIDIR LEIS AN bhFEIDHMÍOCHT SIN A FHOILSIÚ |
IARSCRÍBHINN VII NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR FHEIDHMÍOCHT FUINNIMH LÁRIONAD SONRAÍ AGUS MAIDIR LEIS AN bhFEIDHMÍOCHT SIN A FHOILSIÚ
IARSCRÍBHINN VII NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR FHEIDHMÍOCHT FUINNIMH LÁRIONAD SONRAÍ AGUS MAIDIR LEIS AN bhFEIDHMÍOCHT SIN A FHOILSIÚ Déanfar faireachán ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas agus foilseofar í a mhéid a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh lárionad sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12:
(a)
ainm an lárionaid sonraí, ainm úinéir agus oibreoirí an lárionaid sonraí, an dáta ar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sa lárionad sonraí agus an bardas ina bhfuil an lárionad sonraí lonnaithe;
(b)
achar urláir an lárionaid sonraí, an chumhacht suiteáilte, an trácht bliantúil sonraí isteach agus amach, agus méid na sonraí a stóráiltear agus a phróiseáiltear laistigh den lárionad sonraí;
(c)
feidhmíocht an lárionaid sonraí, le linn na bliana iomláine féilire deiridh, i gcomhréir le príomhtháscairí feidhmíochta maidir le, inter alia, tomhaltas fuinnimh, úsáid cumhachta, pointí socraithe teochta, úsáid dramhtheasa, úsáid uisce agus úsáid fuinnimh in-athnuaite, agus úsáid á baint mar bhonn, i gcás inarb infheidhme, as CEN/CENELEC EN 50600-4 ‘Teicneolaíocht faisnéise - saoráidí agus bonneagair lárionaid sonraí’, go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(3) i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|