|
+Airteagal 35 2. |
Airteagal 35 2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas i dtuarascáil SCCT:
(a)
cainníocht iomlán gach cineáil earraí, arna sloinneadh in uaireanta meigeavata i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile; agus arna sonrú in aghaidh gach suiteála a tháirgeann na hearraí sa tír thionscnaimh;
(b)
iomlán na n-astaíochtaí leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonnaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonnaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e, in aghaidh an tonna de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
(c)
iomlán na n-astaíochtaí indíreacha, arna ríomh i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7;
(d)
an praghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, agus aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil á gcur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|