|
+IARSCRÍBHINN VI |
IARSCRÍBHINN VI
IARSCRÍBHINN VI CEANGLAIS MAIDIR LE LIPÉADÚ, MARCÁIL AGUS FAISNÉIS Cuid A: Faisnéis ghinearálta maidir le ceallraí Cuimseofar san fhaisnéis ar lipéad ceallraí an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an gceallra:
1.
faisnéis lena sainaithnítear an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 38(7);
2.
catagóir an cheallra agus faisnéis lena sainaithnítear an ceallra i gcomhréir le hAirteagal 38(6);
3.
an áit mhonaraíochta (suíomh geografach na monarchan monaraíochta ceallraí);
4.
an dáta monaraíochta (mí agus bliain);
5.
an meáchan;
6.
an toilleadh;
7.
an cheimic;
8.
na substaintí guaiseacha atá sa cheallra, seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe;
9.
oibreán múchta inúsáidte;
10.
amhábhair chriticiúla atá sa cheallra i dtiúchan atá corradh le 0,1 % meáchain de réir meáchain. Cuid B: An tsiombail le haghaidh bailiú ar leithligh ceallraí Cuid C: Cód QR Beidh ardchodarsnacht ar an gcód QR i gcomparáid leis an dath cúlra agus beidh sé sách mór le go mbeifear in ann é a léamh le léitheoir QR atá ar fáil go coitianta, amhail iad sin a bhíonn comhtháthaithe i bhfeistí cumarsáide láimhe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|