|
+IARSCRÍBHINN VII |
IARSCRÍBHINN VII
IARSCRÍBHINN VII NA PARAIMÉADAIR CHUN STAID SLÁINTE AGUS SAOLRÉ IONCHAIS CEALLRAÍ A CHINNEADH Cuid A Na paraiméadair chun staid sláinte ceallraí feithiclí leictreacha, córas stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT a chinneadh: I gcás ceallraí feithiclí leictreacha: staid fuinnimh dheimhnithe (SOCE). I gcás córais stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT:
1.
an toilleadh atá fágtha;
2.
i gcás inar féidir, an cumas cumhachta atá fágtha;
3.
i gcás inar féidir, an éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir atá fágtha;
4.
an t-athrú ar rátaí féin-díluchtaithe;
5.
i gcás inar féidir, an fhriotaíocht ohmic. Cuid B Paraiméadair chun saolré ionchasach na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT a chinneadh:
1.
dáta monaraíochta an cheallra agus, más infheidhme, an dáta ar cuireadh i seirbhís é;
2.
an tréchur fuinnimh;
3.
an tréchur toillte;
4.
rianú teagmhas díobhálach, amhail líon na dteagmhas de dhíluchtú domhain, an t-am a chaitear i dteochtaí foircneacha, an t-am a chaitear ag luchtú i dteochtaí foircneacha;
5.
líon na dtimthriallta lánluchtaithe – lán-díluchtaithe coibhéiseacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|