4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn II a leasú chun fachtóirí astaíochta tobar-go-marbhshruth a bhaineann le haon fhoinse nua fuinnimh a chur ar áireamh nó chun fachtóirí astaíochta atá ann cheana a oiriúnú chun comhsheasmhacht a áirithiú le caighdeáin idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo nó le gníomhartha dlí an Aontais i réimse an fhuinnimh, i gcomhréir leis an eolas eolaíoch agus teicniúil is fearr atá ar fáil.