+Airteagal 11 Cúraimí IICB
---+Airteagal 11 (a)
---+Airteagal 11 (b)
---+Airteagal 11 (c)
---+Airteagal 11 (d)
---+Airteagal 11 (e)
---+Airteagal 11 (f)
---+Airteagal 11 (g)
---+Airteagal 11 (h)
---+Airteagal 11 (i)
---+Airteagal 11 (j)
---+Airteagal 11 (k)
---+Airteagal 11 (l)
---+Airteagal 11 (m)
---+Airteagal 11 (n)
---+Airteagal 11 (o)
---+Airteagal 11 (p)
---+Airteagal 11 (q)
---+Airteagal 11 (r)
---+Airteagal 11 (s)

Airteagal 11 Cúraimí IICB

Agus a fhreagrachtaí á bhfeidhmiú aige, déanfaidh IICB an méid seo a leanas, go háirithe:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 (a)

treoir a chur ar fáil do Cheann CERT-EU;

Airteagal 11 (b)

faireachán agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tacú le heintitis an Aontais a gcibearshlándáil a neartú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ad hoc a iarraidh ar eintitis an Aontais agus ar CERT-EU;

Airteagal 11 (c)

tar éis plé straitéiseach, straitéis ilbhliantúil a ghlacadh maidir le leibhéal na cibearshlándála a ardú in eintitis an Aontais agus an straitéis sin a mheas ar bhonn tráthrialta agus, in aon chás, gach 5 bliana agus, i gcás inar gá, an straitéis sin a leasú;

Airteagal 11 (d)

an mhodheolaíocht agus na gnéithe eagraíochtúla a leagan síos chun athbhreithnithe deonacha piaraí arna ndéanamh ag eintitis an Aontais a chur i gcrích, d’fhonn foghlaim ó thaithí chomhroinnte, lena neartaítear muinín fhrithpháirteach, lena ndéantar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach, mar aon le cumais chibearshlándála eintitis an Aontais a fheabhsú, lena n-áirithítear gur saineolaithe cibearshlándála arna n-ainmniú ag eintiteas an Aontais atá éagsúil leis an eintiteas de chuid an Aontais atá faoi athbhreithniú a dhéanfaidh na hathbhreithnithe piaraí sin agus go bhfuil an mhodheolaíocht bunaithe ar Airteagal 19 de Threoir (AE) 2022/2555 agus go bhfuil sí, i gcás inarb iomchuí, oiriúnaithe d'eintitis an Aontais;

Airteagal 11 (e)

clár oibre bliantúil CERT-EU, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

Airteagal 11 (f)

catalóg seirbhísí CERT-EU, agus aon nuashonrú ina dhiaidh sin air, a fhormheas, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU;

Airteagal 11 (g)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, an phleanáil airgeadais bhliantúil maidir le hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear soláthar foirne, a fhormheas;

Airteagal 11 (h)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, na socruithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a fhormheas;

Airteagal 11 (i)

an tuarascáil bhliantúil arna dréachtú ag Ceann CERT-EU, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí maidir le cistí agus an bhainistíocht a dhéanann CERT-EU orthu, a scrúdú agus a fhormheas;

Airteagal 11 (j)

eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) le haghaidh CERT-EU a leagtar síos ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh orthu;

Airteagal 11 (k)

socruithe comhair, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse nó conarthaí idir CERT-EU agus eintitis eile a fhormheas de bhun Airteagal 18;

Airteagal 11 (l)

treoirlínte agus moltaí a ghlacadh ar bhonn togra ó CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 14 agus treoir a thabhairt do CERT-EU togra le haghaidh treoirlínte nó moltaí, nó glao ar ghníomhaíocht, a eisiúint, a tharraingt siar nó a mhodhnú;

Airteagal 11 (m)

grúpaí comhairleacha teicniúla a bhunú ag a mbeidh cúraimí sonracha chun cuidiú le hobair IICB, a dtéarmaí tagartha a fhormheas agus a gCathaoirligh faoi seach a ainmniú;

Airteagal 11 (n)

doiciméid agus tuarascálacha arna dtíolacadh ag eintitis an Aontais faoin Rialachán seo a fháil agus a mheasúnú, amhail measúnuithe aibíochta cibearshlándála;

Airteagal 11 (o)

éascú a dhéanamh ar ghrúpa neamhfhoirmiúil d’oifigigh áitiúla chibearshlándála eintitis an Aontais a bhunú, arb é is aidhm dó dea-chleachtas agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

Airteagal 11 (p)

agus an fhaisnéis maidir leis na rioscaí cibearshlándála sainaitheanta agus na ceachtanna atá foghlamtha ó CERT-EU á gcur san áireamh, faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas na socruithe idirnascthachta i measc thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais agus comhairle a thabhairt maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh;

Airteagal 11 (q)

plean bainistithe cibirghéarcheime a bhunú d’fhonn tacú, ar an leibhéal oibríochtúil, le bainistiú comhordaithe a dhéanamh ar mhórtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus d’fhonn rannchuidiú le malartú rialta faisnéise ábhartha, go háirithe maidir le tionchair agus déine mórtheagmhas agus maidir leis na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtaí mórtheagmhas a mhaolú;

Airteagal 11 (r)

comhordú a dhéanamh ar ghlacadh phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintitis aonair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

Airteagal 11 (s)

moltaí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (m) a ghlacadh, ar moltaí iad a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair, lena gcuirtear san áireamh na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a dhéantar ar shlabhraí soláthair criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555 chun tacú le heintitis an Aontais bearta bainistíochta riosca cibearshlándála atá éifeachtach agus comhréireach a ghlacadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.12.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2841
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.