+Airteagal 13 3
|
Airteagal 13 3
3. Déanfaidh CERT-EU na cúraimí seo a leanas chun cabhrú le heintitis an Aontais:
|
(a)
|
tabharfaidh sé tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rannchuideoidh sé leis an gcomhordú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin na mbeart a liostaítear in Airteagal 14(1) nó trí thuarascálacha ad hoc arna n-iarraidh ag IICB;
|
|
(b)
|
déanfaidh sé seirbhísí CSIRT caighdeánacha a thairiscint d’eintiteas an Aontais trí bhíthin pacáiste seirbhísí cibearshlándála a dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí bunlíne);
|
|
(c)
|
coinneoidh sé líonra piaraí agus comhpháirtithe ar bun chun tacú leis na seirbhísí mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18;
|
|
(d)
|
tarraingeoidh sé aird IICB ar aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le cur chun feidhme na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht;
|
|
(e)
|
ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, rannchuideoidh sé le feasacht staide cibearshlándála an Aontais i ndlúthchomhar le ENISA;
|
|
(f)
|
déanfaidh sé an bainistiú ar mhórtheagmhais a chomhordú;
|
|
(g)
|
gníomhóidh sé thar ceann eintitis an Aontais mar chomhionann an chomhordaitheora ainmnithe chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555;
|
|
(h)
|
soláthróidh sé scanadh réamhghníomhach neamhchunórach, arna iarraidh sin d’eintiteas an Aontais, ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas sin an Aontais a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.
|
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), a chomhroinnt le IICB, le líonra CSIRT agus le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, agus faoi réir coinníollacha rúndachta iomchuí.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.12.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2841
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|