1. Leagtar amach sa Treoir seo forálacha aercháilíochta agus é d’aidhm acu cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, ionas go gcuirfear feabhas de réir a chéile ar aercháilíocht laistigh den Aontas go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine, d’éiceachórais nádúrtha agus do bhithéagsúlacht, mar a shainítear leis an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus is cothroime le dáta, rud a chuirfidh le timpeallacht atá saor ó thocsainí faoi 2050 ar a dhéanaí.