3. Cinnfear sáruithe ar na tairseacha measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II ar bhonn na dtiúchan le linn na 5 bliana roimhe sin i gcás ina bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil. Measfar tairseach measúnaithe a bheith sáraithe más rud é gur sáraíodh é le linn 3 bliana ar leithligh, ar a laghad, as na 5 bliana sin roimhe sin.
I gcás ina bhfuil sonraí ar fáil ar feadh níos lú ná 5 bliana, féadfaidh na Ballstáit feachtais ghearrthréimhse tomhais a chomhcheangal le linn na bliana ag suíomhanna ar dócha iad a bheith ionadaíoch do na leibhéil truaillithe is airde, le faisnéis ó fhardail astaíochtaí agus torthaí a fhaightear ó fheidhmchláir samhaltaithe chun sárú na dtairseacha measúnaithe a chinneadh.