+Airteagal 28 Comhar agus faisnéis a mhalartú
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
|
Airteagal 28 Comhar agus faisnéis a mhalartú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
I gcás ina gceanglaítear é chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, rachaidh údaráis inniúla gach Ballstáit, lena n-áirítear údaráis chustaim, údaráis um fhaireachas margaidh, údaráis chomhshaoil agus aon údarás inniúil eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta acu, i gcomhar le chéile, le húdaráis inniúla Ballstát eile, leis an gCoimisiún agus, más gá, le húdaráis riaracháin tríú tíortha. I gcás ina bhfuil gá le comhar le húdaráis chustaim chun cur chun feidhme cuí an Chórais Bainistíochta Riosca Custam a áirithiú, cuirfidh na húdaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis go léir is gá ar fáil do na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
|
|
Airteagal 28 2.
|
I gcás ina mbraitheann na húdaráis chustaim, na húdaráis um fhaireachas margaidh nó aon údarás inniúil eile de chuid Ballstáit sárú ar an Rialachán seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra don údarás comhshaoil nó, murar ábhartha é, d’aon údarás eile atá freagrach as forfheidhmiú na bpionós i gcomhréir le hAirteagal 31.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a n-údaráis inniúla in ann rochtain a bheith acu go héifeachtúil ar aon fhaisnéis is gá le haghaidh fhorfheidhmiú an Rialacháin seo, agus gur féidir leo an fhaisnéis sin a mhalartú eatarthu go héifeachtúil. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin sonraí a bhaineann le custam, faisnéis faoi úinéireacht agus stádas airgeadais, aon sárú ar dhlí an chomhshaoil, chomh maith le sonraí a thaifeadtar sa Tairseach F-gás. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil freisin d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair is gá leis chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra don Choimisiún láithreach faoi sháruithe ar Airteagal 16(1).
|
|
Airteagal 28 4.
|
Déanfaidh údaráis inniúla údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad sárú ar an Rialachán seo ar féidir tionchar a bheith aige ar níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad táirge ábhartha ar an margadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo, chun gur féidir é a urghabháil, a choigistiú, a aistarraingt nó a aisghairm ón margadh lena dhiúscairt. Úsáidfear an Córas Bainistíochta Riosca Custam chun faisnéis chustaim a bhaineann le riosca a mhalartú. Déanfaidh údaráis chustaim aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le sáruithe an Rialacháin seo a mhalartú freisin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (
4
) agus déanfaidh siad cúnamh a iarraidh ar Bhallstáit eile agus ar an gCoimisiún i gcás inar gá.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|