2. Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sonrófar na bearta atá le déanamh chun astaíochtaí bróimíde meitile a laghdú le linn úsáide agus beidh feidhm acu ar feadh tréimhse nach faide ná 120 lá agus beidh feidhm acu maidir le cainníocht nach mó ná 20 tona méadrach de bhróimíd mheitile. Áireoidh an Coimisiún ceanglais maidir le tuairisciú a chuimsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin agus déanfaidh sé a éileamh go gcuirfí fianaise thacaíochta isteach, ar fianaise í atá riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar úsáid bróimíde meitile, lena n-airítear fianaise a bhaineann leis an tsubstaint a scriosadh tar éis dheireadh an mhaolaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).