5. Más rud é go bhfuil an Prótacal á chomhlíonadh ina iomláine ag údaráis críche nach gcumhdaítear leis an bPrótacal agus más rud é go bhfuil sonraí chuige sin curtha isteach acu, de réir mar a shonraítear in Airteagal 7 den Phrótacal, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nach mbeidh feidhm ag forálacha uile mhír 1 den Airteagal seo nó ag cuid díobh maidir leis an gcríoch sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).