2. Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar astaíochtaí, a mhéid is féidir, i ngníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint painéal cúir ina bhfuil cúir a bhfuil substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu trí na cúir nó na substaintí atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na substaintí sin. I gcás aisghabháil na substaintí sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.