+Airteagal 8 1
|
Airteagal 8 1
1. Soláthróidh an Coimisiún tairseach mar phointe iontrála aonair le haghaidh faisnéis a bhaineann le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha (‘an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach’). Beidh an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach inrochtana go leictreonach ag gach saoránach, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus beidh rochtain den sórt sin saor in aisce. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ar a laghad ag an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach:
|
(a)
|
rochtain a sholáthar ar réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach ar bhealach soláimhsithe agus, ar a laghad, inchuardaithe in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na seirbhíse poiblí;
|
|
(b)
|
rochtain a sholáthar ar réitigh idir-inoibritheachta seachas réitigh um Eoraip idir-inoibritheach, amhail na réitigh seo a leanas:
|
(i)
|
réitigh a chomhroinntear de bhun Airteagal 4(3);
|
|
(ii)
|
réitigh dá bhforáiltear de bhun beartais eile de chuid an Aontais;
|
|
(iii)
|
réitigh a fhoilsítear ar thairseacha, catalóga nó stórtha eile atá nasctha leis an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach;
|
|
|
(c)
|
rochtain a sholáthar ar shonraíochtaí teicniúla TFC atá incháilithe le haghaidh tagairtiú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
|
|
(d)
|
rochtain a sholáthar ar fhaisnéis faoi phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12, i gcás inar sainaithníodh aon ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis faoi shásraí freagartha chun an riosca sin a mhaolú go pras, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a nochtadh;
|
|
(e)
|
malartú eolais a chothú idir comhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear in Airteagal 16, amhail córas aiseolais a sholáthar chun tuairimí a chur in iúl maidir le bearta arna moladh ag an mBord nó chun spéis a léiriú páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
|
|
(f)
|
dea-chleachtais a liostú agus eolas a chomhroinnt lena dtacaítear leis an idir-inoibritheacht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, treoir maidir le soláthar poiblí, cibearshlándáil, comhtháthú TF agus rialachas sonraí;
|
|
(g)
|
rochtain a sholáthar ar na sonraí a eascraíonn as an bhfaireachán a bhaineann le hidir-inoibritheacht a dhéantar de bhun Airteagal 20;
|
|
(h)
|
a cheadú do shaoránaigh, do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta aiseolas a thabhairt ar an ábhar a fhoilsítear.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0903
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|