1. Cuirfidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord, ábhar oiliúna ar fáil maidir le húsáid CEI agus le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach, lena n-áirítear réitigh foinse oscailte atá saor in aisce. Déanfaidh eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí cláir oiliúna iomchuí a bhaineann le saincheisteanna idir-inoibritheachta a sholáthar dá bhfoireann ar cuid dá gcúram iad cúraimí straitéiseacha nó oibríochtúla a bhfuil tionchar acu ar sheirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha.