3. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a fhaightear trí athbhreithniú piaraí ach amháin chun críoch an athbhreithnithe piaraí sin. Ní dhéanfaidh na saineolaithe idir-inoibritheachta atá rannpháirteach san athbhreithniú piaraí aon fhaisnéis íogair nó rúnda a fhaightear le linn an athbhreithnithe piaraí sin a nochtadh do thríú páirtithe. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar aon riosca maidir le coinbhleacht leasa a bhaineann leis na saineolaithe idir-inoibritheachta ainmnithe a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún gan moill mhíchuí.