I gcás ina mbeidh pleananna lena n-áirítear forálacha i gcás forbairt tionscadal amhábhar criticiúil faoi réir measúnú de bhun Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) agus de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, cuirfear na measúnuithe sin le chéile. I gcás inarb infheidhme, tabharfar aghaidh sa mheasúnú comhcheangailte sin freisin ar an tionchar ar na dobharlaigh a bhféadfadh go ndéanfaí difear dóibh dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE. I gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí atá á ndéanamh anois agus a dhéanfar amach anseo ar an muirthimpeallacht, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí idir an talamh agus an fharraige, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), cumhdófar na tionchair sin leis an measúnú comhcheangailte freisin.