|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Déanfaidh an buan-fhoghrúpa a bhunaítear de bhun Airteagal 36(8), pointe (a), arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail Tionscadail Straitéisigh, plé agus tabharfaidh sé comhairle faoin gcaoi ar féidir maoiniú a thionscadail a chur i gcrích, agus an cistiú atá faighte cheana féin á chur san áireamh agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á mbreithniú:
(a)
foinsí príobháideacha breise maoiniúcháin;
(b)
tacaíocht trí bhíthin acmhainní ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbraíochta,;
(c)
ionstraimí agus cláir reatha na mBallstát, lena n-áirítear ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, agus ó bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;
(d)
cláir chistiúcháin agus mhaoiniúcháin ábhartha de chuid an Aontais, agus béim ar leith ar an tionscnamh Global Gateway i leith Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha nó in OCTanna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|